Cás Staidéir
Forbairt Tuaithe na Gaillimhe· tá roinnt Cás-Staidéar agus tuarascálacha do na Cláir éagsúla atá á reáchtáil againn, agus eolas ar thionscnaimh maoinithe roimhe seo.
Cás Staidéir
Cás-Staidéar SICAP 2023
Leagtar béim sa chás-staidéar do 2023 ar na Straitéisí Comhoibrithe a úsáideann SICAP
Cás-Staidéar SICAP 2022
Leagtar béim sa chás-staidéar do 2022 ar obair Oifigeach Sprioc 1 a thacaíonn le Grúpaí Pobail Áitiúla
Cás-staidéar SICAP 2021
Léirítear sa Chás-Staidéar do 2021 na Cúrsaí Forbartha Pearsanta ar líne ar éirigh go maith leo agus a bhí ar siúl le linn na dianghlasála leanúnaí mar gheall ar COVID-19.
CÁS-STAIDÉAR SICAP 2020
Sa Chás-Staidéar SICAP seo, rinneadh cur síos ar chur i bhfeidhm na nDeontas COVID-19 chun freagairt sholúbtha a thabhairt ar COVID-19. In 2020, b’éigean do bhaill foirne a bhí ag obair le Grúpaí Pobail Áitiúla tacú leo ina gcuid oibre trí acmhainní a chur ar fáil, go príomha chun soláthairtí riachtanacha a sholáthar, lena n-áirítear trealamh bia agus TCP do dhaoine scothaosta, leochaileacha agus imeallaithe. Chuaigh foireann SICAP i dteagmháil le TUSLA freisin chun tacú le teaghlaigh a aithníodh mar theaghlaigh a raibh tacaíocht ag teastáil uathu.
CÁS-STAIDÉAR SICAP: CLUB OBAIR BHAILE THUAMA
Chuir Elaine Quinn, Oifigeach Oideachais SICAP an scéal grianghraf seo le chéile mar chás-staidéar ar an rath a bhí ar Chlub Obair Bhaile Thuama in 2019.
CÁS-STAIDÉAR SICAP: LEITHLISIÚ TUAITHE AGUS SÓISIALTA
Scríobhadh an cás-staidéar seo d’Eisiúna r-bulletin 39 d’Eagraíocht Náisiúnta na hÉireann do Dhaoine Dífhostaithe. Is féidir leat an cás-staidéar a léamh anseo: LEITHLISIÚ TUAITHE AGUS SÓISIALTA
CÁS-STAIDÉAR SICAP: TIONSCADAL LÁSA ÁTH CINN
Seoladh an cás-staidéar seo chuig Pobal mar shampla den Chlár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail atá ar bun ag Forbairt Tuaithe na Gaillimhe. Ba mhór an chabhair é an tacaíocht chomhcheangailte do mhaoiniú, oiliúint agus forbairt pobail chun an tionscadal seo a Fobairt. Is féidir leat an cás-staidéar a léamh anseo:
CÁS-STAIDÉAR LEADER: GAIRDÍN MÚRTHA AN CHREAGÁIN
D’fhoilsigh LEADER an cás-staidéar seo agus baineann sé le plean forbartha a mhaoiniú don Ghairdín Múrtha. Beidh foireann GRD ó chlár LEADER ag obair le Líonra Oidhreachta agus Turasóireachta an Chreagáin agus iad ag dul ar aghaidh chun iarratas ar mhaoiniú caipitil a chur ar aghaidh. Is féidir leat an cás-staidéar a léamh anseo: MOUNTBELLEW WALLED GARDEN