An Comhphobal
SICAP Forbairt Pobail
Tá Oifigigh Forbartha Pobail ag GRD i mBéal Átha na Sluaighe agus i dTuaim.
Oibríonn oifigigh go dlúth le grúpaí pobail agus le heagraíochtaí eile ar nós Bord Oiliúna Oideachais na Gaillimhe Ros Comáin (GRETB) agus FSS chun riachtanais áitiúla a aithint agus chun freastal orthu, mar shampla, rochtain ar ghníomhaíochtaí sláintiúla, oideachas agus faisnéis thábhachtach faoi mheabhairshláinte agus sláinte choirp.
Díríonn cuid mhaith de na hoifigigh ar thacaíocht a thabhairt do ghrúpaí pobail áitiúla agus do ghrúpaí ó chúlraí Pobail Nua, Romach agus an Lucht Siúil a gcuid scileanna a Fobairt trí chomhairle, meantóireacht, oiliúint agus roinnt tacaíochta airgeadais a thabhairt chun imeachtaí a eagrú agus trealamh a cheannach.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le:
Tionscadal Sláinte Imirceach
Tá ár nOifigeach For-rochtana ag tógáil caidrimh leis an bpobal Romach chun a rannpháirtíocht le seirbhísí áitiúla a spreagadh, chun tacú le feasacht ar shaincheisteanna a bhaineann leo, agus chun freagraí trasghníomhaireachta a fhorbairt.
Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le:
Maoiniú Caipitil LEADER agus Maoiniú do Thionscadail Féidearthachta
Tá maoiniú caipitil agus maoiniú do thionscadail féidearthachta agus oiliúna ar fáil faoin gclár LEADER. Chuidigh an clár seo le pobail tuaithe ar fud an AE chun athnuachan a gceantair a threorú, trí fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail. Glacann an clár le hiarratais atá bunaithe ar thionscadail a dhíríonn ar:
Turasóireacht tuaithe
Forbairt fiontar
Seirbhísí bunúsacha dírithe ar phobail atá deacair a bhaint amach
Óige na tuaithe Cosaint agus úsáid inbhuanaithe acmhainní uisce
Cosaint agus úsáid inbhuanaithe acmhainní uisce
Bithéagsúlacht áitiúil
Fuinneamh in-athnuaite
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le:
Scéim Shóisialta na Tuaithe agus Scéim Tús
Faoin Scéim Shóisialta Tuaithe (SST) agus Scéim Tús, oibríonn maoirseoirí go dlúth le heagraíochtaí pobail áitiúla chun a gcuid riachtanas a aithint agus a chomhlíonadh agus chun an obair a dhéanann na rannpháirtithe a chomhordú.
Oibríonn rannpháirtithe na scéimeanna seo le heagraíochtaí pobail áitiúla i raon réimsí lena n-áirítear tionscadail feabhsúcháin sráidbhailte agus Bailte Slachtmhara, cothabháil tírdhreacha agus páirceanna do chomhlachtaí spóirt ar nós clubanna áitiúla CLG agus sacair. Cuidíonn siad freisin le limistéir bhithéagsúlachta a choinneáil i bpáirceanna, siúlbhealaí agus coillearnacha. Cuireann rannpháirtithe ar an dá scéim cúram sóisialta ar fáil freisin, mar shampla, le Bráithre na Carthanachta, Ability West agus Meals on Wheels. Tugann siad tacaíocht riaracháin freisin d'eagraíochtaí lena n-áirítear i réimsí amhail taighde, tionscadail chultúrtha agus oidhreachta cosúil le mapáil reilige agus scríbhneoireacht leabhar stairiúil agus tacaíocht mhiondíola i siopaí carthanais.
Más pobal thú ar mhaith leat iarratas a dhéanamh chun rannpháirtithe a leithdháileadh ar d’eagraíocht, líon isteach an fhoirm thíos le do thoil nó déan teagmháil le:
Scéim Fostaíochta Pobail
Feidhmíonn GRD mar urraitheoir ar Scéim Fostaíochta Pobail (FP) a chuireann deiseanna oiliúna agus oibre ar fáil do rannpháirtithe ina bpobail féin agus a thacaíonn faoi láthair lena lán fourraitheoirí trí, intí cléireachais, le Cumann Alzheimer na hÉireann, agus oibrithe comhshaoil i gCreachmhaoil, lena n-áirítear leis an CLG, Club Lúthchleasaíochta, Tailte na hEaglaise, Ionad Pobail Naomh Micheál, Creachmhaoil United Football Club agus Bailte Slachtmhara. Tá an-áthas orainn freisin oibrithe tacaíochta cistine a chur lenár bhfoireann in 2022 don Champas Nuálaí Bia, Baile Átha an Rí.
Más grúpa pobail tú i gceantair Bhaile Átha an Rí agus Chreachmhaoil ar mhaith leo iarratas a dhéanamh go ndéanfaí rannpháirtithe a leithdháileadh ar d'eagraíocht déan teagmháil le: