SICAP
Oibríonn Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP) GRD le pobail agus le daoine ar fud Chontae na Gaillimhe.
Cabhraímid leo a gcuid riachtanas féin a aithint agus freastal orthu.
Cabhraímid leo siúd is mó a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu chun rochtain a fháil ar oiliúint, fostaíocht agus oideachas.
Tá na tacaíochtaí go léir a chuirimid ar fáil faoi SICAP SAOR IN AISCE.
Tá dhá phríomhsprioc cláir SICAP ann:
Sprioc 1 - Ag Tacú le Pobail
Cabhraímid le Grúpaí Pobail Áitiúla agus Fiontair Shóisialta a fhorbairt. Oibrímid leo chun iad a dhéanamh níos láidre agus níos ábalta aghaidh a thabhairt ar a gcuid riachtanas féin.
Seo a leanas cuid den tacaíocht is féidir linn a thabhairt:
cabhrú leo iad féin a eagrú agus a reáchtáil
cabhrú le tionscadail, imeachtaí pobail agus gníomhaíochtaí sóisialta a reáchtáil
oiliúint
deontais bheaga chun trealamh a cheannach chun tacú lena gcuid oibre
Iasacht fhadtéarmach trealaimh
comhairle maidir le, mar shampla, conas iarratas a dhéanamh ar dheontais agus dul isteach sa Líonra Rannpháirtíochta Poiblí (PPN)
Trí oibriú le pobail agus le heagraíochtaí eile is féidir linn rochtain ar fhaisnéis a fheabhsú. Is féidir linn cabhrú le seirbhísí agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh siúd is mó a bhfuil gá acu leis.
Sprioc 2 – Tacú le daoine
Oibrímid le daoine i ngach aoisghrúpa. Cabhraímid leo feabhas a chur ar a saol féin agus páirt a ghlacadh ina bpobal áitiúil.
Cabhraímid le daoine a gcuid riachtanas féin a thuiscint, cinneadh a dhéanamh ar cad iad na spriocanna atá acu, agus conas iad a bhaint amach. B'fhéidir gurb iad na spriocanna seo ná post a fháil, gnó a bhunú, páirt a ghlacadh san oideachas nó a bhféinmhuinín a thógáil.
Cabhraímid le daoine rochtain a fháil ar oiliúint, fostaíocht agus deiseanna.
Is féidir linn tacú leat má tá tú:
dífhostaithe go fadtéarmach.
Is féidir linn cabhrú leat a bheith níos réidh don phost. Is féidir linn cabhrú leat le do CV, oiliúint agus scileanna agallaimh. Is féidir linn cabhrú leat do ghnó féin a bhunú
duine aosta nó scoite.
Eagraímid traenáil agus ranganna i do phobal ar nós aclaíochta nó cócaireachta. Cabhraímid leat teagmháil a dhéanamh le grúpaí i do cheantar.
mar chuid de ghrúpa mionlaigh amhail an Lucht Siúil, na Romaigh, daoine faoi mhíchumas nó Pobail Nua (imircigh).
Soláthraímid rochtain ar oiliúint, oideachas agus cabhair chun páirt a ghlacadh i nGrúpaí Pobail Áitiúla
teaghlach nó leanbh i bpobal faoi mhíbhuntáiste.
Reáchtálaimid clubanna obair bhaile, déanaimid teiripe súgartha agus feabhsaímid rochtain ar oideachas ceoil. Eagraímid ranganna tuismitheoireachta.
duine óg nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna idir 16-25 bliain d'aois.
Cabhraímid leat a bheith réidh don phost nó cáilíochtaí a fháil.
Oibrímid le go leor eagraíochtaí eile freisin. Cinntímid go bhfuil na daoine a dtacaímid leo san áireamh i bpolasaithe agus i bpleanáil.
Más mian leat tacaíocht SICAP a fháil nó más mian leat níos mó a fhoghlaim faoi na rudaí a dhéanaimid, téigh i dteagmháil le do thoil!
Déan teagmháil le: