Cumas Oibre

An Clár um Chonairí Cuimsitheacha chun Fostaíochta

Is clár nua é an Clár Um Chumas Oibre: Conairí Cuimsitheacha chun Fostaíochta atá cómhaoinithe ag Clár Fostaíochta, Cuimsithe, Scileanna agus Oiliúna an AE (EIST) 2021-2027 agus ag an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS).

Cuirfidh an clár tacaíocht mhaoinithe ar fáil do thionscadail áitiúla atá dírithe ar thorthaí fostaíochta feabhsaithe a bhaint amach do dhaoine faoi mhíchumas trí raon beart tacaíochta.

Is iad cuspóirí an Chláir ná:

  1. Feabhas a chur ar ionchais fostaíochta daoine faoi mhíchumas atá i bhfad ón margadh saothair faoi láthair.

  2. Cur le cumas fostóirí daoine faoi mhíchumas a earcú, a choinneáil agus a chur chun cinn laistigh dá lucht saothair.

  3. Comhpháirtíochtaí nua a éascú i measc páirtithe leasmhara (daoine faoi mhíchumas, seirbhísí míchumais, seirbhísí fostaíochta agus fostóirí) agus cuir chuige nua chun tacaíochtaí fostaíochta a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas.

Tá sé mar aidhm ag an gClár Um Chumas Oibre a chinntiú go dtugtar lántacaíocht do dhaoine faoi mhíchumas chun fostaíocht a aimsiú agus a chothabháil agus tacaítear le heagraíochtaí a fhostaíonn rannpháirtithe cláir chun a chinntiú go n-éireoidh lena bhfostaíocht

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: