Tionscnamh Ateangaire Pobail

Tá tionscnamh nua ‘Ateangaire Pobail’ le cur ar fáil ar fud Chontae na Gaillimhe in 2025. D’fhógair Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr in Ollscoil na Gaillimhe, i gcomhar le Forbairt Tuaithe na Gaillimhe (GRD), go bhfuil siad ag comhoibriú ar chlár tacaíochta meantóireachta atá dírithe ar phobail nua.

Díríonn an tionscnamh ar Ateangairí Pobail atá ann cheana féin a bhfuil 'Oiliúint Ateangairí Pobail' déanta acu; atá maoinithe le dhá bhliain anuas ag clár SICAP de chuid Fhorbairt Tuaithe na Gaillimhe. Eascraíonn an tionscnamh nua as an ngá atá le tuilleadh oiliúna a chur ar oibrithe deonacha, a bhí ag ateangaireacht cheana féin ina bpobal féin.

I mbliana, chuidigh an Dr Andrea Ciribuco agus an Dr Iryna Andrusiak, agus a bhfoireann in Ollscoil na Gaillimhe, le cúrsa ‘Tosaitheoirí’ agus cúrsa ‘Ardleibhéal’ a fhorbairt d’Ateangairí Pobail agus ó shin i leith, tá siad ag obair go dlúth le Forbairt Tuaithe na Gaillimhe chun na cúrsaí ar líne a spriocdhíriú agus a sheachadadh d’Ateangairí Pobail sa chontae.

Ag labhairt di faoin gcomhpháirtíocht, dúirt an Dr Andrea Ciribuco “Forbraíodh an tionscnamh seo laistigh de chreat an tionscadail VICO (Sráidbhailte Tuaithe, Imirce agus Cumarsáid Idirchultúrtha), atá maoinithe ag Taighde Éireann tríd an scéim Laureate. Táimid thar a bheith sásta leis an gcomhpháirtíocht leis an bhfoireann GRD agus táimid ag tnúth le caidreamh pobail a fheabhsú.”

Chuir Donna Gleeson Ryan, an tOifigeach um Chomhtháthú agus Forbairt le Forbairt Tuaithe na Gaillimhe, béim ar an méid seo a leanas: “Cinntíonn oiliúint a chur ar fáil d’ateangairí pobail go gcuirtear cumarsáid ardchaighdeáin ar fáil dár bpobail ar an leibhéal áitiúil, chomh maith le fostaíocht a chur ar fáil d’Ateangairí Pobail oilte. Is tionscnamh an-tábhachtach é seo.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach GRD, Steve Dolan, “I gcomhar leis an Ollscoil, táimid ag tógáil líonra d’ateangairí pobail agus táimid ag iarraidh teacht i dteagmháil leo. Más Ateangaire Pobail atá ag cleachtadh thú nó más Ateangaire Pobail atá ag teacht chun cinn thú, nó má dhéanann tú ateangaireacht i do phobal féin i nGaillimh – bíodh sé ar bhonn deonach nó íoctha – ansin táimid ag iarraidh nascadh agus acmhainní a roinnt.”

Sa phictiúr ag ceanncheathrú GRD i mBaile Átha an Rí an tseachtain seo bhí an Dr Iryna Andrusiak (Ollscoil Ghaway), Donna Gleeson (Oifigeach Forbartha Comhtháthaithe, GRD), Oksana Borodienko (Oifigeach Comhtháthaithe, GRD), Steve Dolan (Príomhfheidhmeannach, GRD), agus an Dr Andrea Ciribuco (Ollscoil Ghaway).

Teagmháil 

Eolas@grd.ie