ParentChild+
Cuidíonn sé le tuismitheoirí scileanna sóisialta, teanga agus smaointeoireachta a bpáistí a fheabhsú ó aois an-óg
Cuidíonn an clár ParentChild+ lena chinntiú go dtéann leanaí isteach sa scoil réidh le foghlaim, leis na scileanna a theastaíonn uathu le bheith rathúil ar feadh a gcuid oideachais.
Tá gach cuairteoir baile ParentChild+ fostaithe óna bpobail áitiúla, agus bhí go leor acu ina dtuismitheoirí ar an gclár ar dtús. D’fhág sé sin go bhfuil luach nach beag ag baint le seachadadh cuairteanna baile agus le hathrú claochlaitheach a chruthú sa phobal áitiúil.
Tá GRD ag obair i gcomhpháirtíocht leis an Tionscnamh Luathfhoghlama, Coláiste Náisiúnta na hÉireann chun ParentChild+ a thabhairt chuig teaghlaigh i gContae na Gaillimhe.