Beidh Ceiliúradh Bia Ilchultúrtha á reáchtáil ag Ionad Acmhainní Teaghlaigh Solas, Baile Ghártha, in Ionad Mattie McDonagh Dé Domhnaigh, an 19 Deireadh Fómhair, ó 2 go 4 i.n. Beidh neart bia blasta le blaiseadh ó gach cearn den domhan, ceol beo, drámaíocht agus péinteáil aghaidhe. Imeacht iontach do chách!
Tacaítear leis seo trí SICAP - An Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail