Cuirfear eolas ar fáil maidir le conas do ghnó féin a thosú in Éirinn le linn cúrsa SAOR IN AISCE ar líne a thosóidh Dé Céadaoin, an 17 Meán Fómhair. Tá an cúrsa seo oscailte do dhídeanaithe agus d’iarrthóirí tearmainn atá ina gcónaí in Oirthear Chontae na Gaillimhe (gan an chathair san áireamh). Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Michael ag mburke@grd.ie