Seoladh Leabhar Dathúcháin Gaeilge/Úcráinis

Pictiúr tógtha i Scoil Cholmáin, Muigh-inis de gach duine a raibh baint acu le seoladh Spraoi/Забава' - leabhar dathúcháin Gaeilge/Úcráinis a bhí mar thionscnamh de chuid Fhorbairt Tuaithe na Gaillimhe agus Thuismitheoirí na Gaeltachta.

Seoladh leabhar an-speisialta do pháistí i mí Mheán Fómhair in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna. Is leabhar dathúcháin Gaeilge/Úcráinis é 'Spraoi/Забава' do pháistí áitiúla agus Úcránacha agus ba thionscadal comhoibritheach é idir Forbairt Tuaithe na Gaillimhe agus Tuismitheoirí na Gaeltachta. Forbraíodh é mar uirlis foghlama chun cabhrú le páistí áitiúla agus Úcránacha comhtháthú trí theanga ar bhealach spraíúil idirghníomhach.  

Dúirt an Comhairleoir Pete Roche, Cathaoirleach GRD, "Áis foghlama seomra ranga fíorluachmhar a bheidh anseo agus is cúis áthais é seo don dá phobal agus táimid bródúil as a bheith páirteach ann. Molaimid go mór Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, as a cuid oibre ar an togra, maisitheoirí agus aistritheoirí, agus daltaí Scoil Cholmáin, Muigh-inis".

Sa phictiúr thíos tá Nadia Dobrianska ag labhairt le daoine fásta agus páistí mhórphobal Charna in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach an tseachtain seo caite do sheoladh 'Spraoi/Забава' - leabhar dathúcháin Gaeilge/Úcráinis a bhí mar thionscnamh d'Fhorbairt Tuaithe na Gaillimhe agus Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Roimhe seo
Roimhe seo

Bua ag Gaillimh ag Gradaim Náisiúnta Aoisbhá

Ar Aghaidh
Ar Aghaidh

An Tionscadal Póca