Gradam na Náisiún Aontaithe um Chlár Gníomhachtaithe Pobail um Chuimsiú Sóisialta

Pictiúr de na lámha ceangailte le chéile chun ionadaíocht a dhéanamh ar chuimsiú sóisialta agus ar phobal

Bhuaigh an Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP), arna sheachadadh ag Forbairt Tuaithe na Gaillimhe ar fud Chontae na Gaillimhe, Gradam Mór le rá Seirbhísí Poiblí na Náisiún Aontaithe 2022 sa chatagóir "Teacht Aniar Institiúideach agus Freagairtí Nuálacha ar Phaindéim COVID-19"

Chuir na Gradaim, a fógraíodh ar Lá Seirbhíse Poiblí na Náisiún Aontaithe, béim ar chomhpháirtíochtaí a chruthú agus a chothú le haghaidh seachadadh seirbhíse poiblí agus tógáil ar ais níos fearr ó COVID-19 chun spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2030 a chomhlíonadh.

Cuireann Cuideachtaí Forbartha Áitiúla faoi stiúir an phobail an Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP) ar fáil ar fud na hÉireann, arna mhaoiniú tríd an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus arna chómhaoiniú ó Chiste Sóisialta na hEorpa.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fobairt Tuaithe na Gaillimhe, Steve Dolan, "In GRD táimid an-bhródúil go bhfuil SICAP aitheanta as an ngradam seo, admháil go hidirnáisiúnta ar imact dearfach an chláir, go háirithe le linn COVID-19. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann uile Fobairt Tuaithe na Gaillimhe, Pobal, agus leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a léirigh athléimneacht agus solúbthacht agus muid ag iarraidh tacú leo siúd is mó atá i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta le linn na paindéime".

Dúirt an Dr Anne Cassidy, Bainisteoir Sinsearach fhoireann SICAP GRD freisin "Tá spriocanna an chláir an-tábhachtach i gcónaí trí thacaíochtaí a dhíriú ar phobail agus ar dhaoine aonair is mó atá i ngátar agus teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara ábhartha chun eisiamh sóisialta a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu".

"Tugann SICAP aghaidh ar leibhéil arda leanúnacha díothachta trí chuir chuige spriocdhírithe agus nuálacha, faoi stiúir áitiúil. Tacaíonn sé le pobail agus daoine faoi mhíbhuntáiste lena n-áirítear daoine dífhostaithe, iad siúd atá ina gcónaí i gceantair dhíothaithe, daoine faoi mhíchumas, teaghlaigh tuismitheoirí aonair, daoine ar ioncam íseal, agus baill de phobail mhionlaigh".

Tá Aitheantas tugtha le déanaí ag Irish Rural Link agus The Wheel d'Fobairt Tuaithe na Gaillimhe as a gcuid oibre le linn na paindéime, agus an tseachtain seo caite Scéim Shóisialta Tuaithe GRD agus Tús Tugadh aitheantas don scéim as a gcuid oibre pobail le linn na paindéime.



Roimhe seo
Roimhe seo

Féile Chuan na Beirtrí Buí

Ar Aghaidh
Ar Aghaidh

Buaileann baill Sheid na bhFear Bhaile Átha an Rí leis an Uachtarán ag Bloom