Tacaíocht d'Fhiontraíocht Shóisialta
Tacaíocht d'Fhiontraíocht Shóisialta
Is fiontar é Fiontar Sóisialta a bhfuil sé mar chuspóir aige tionchar sóisialta, sochaíoch nó comhshaoil a bhaint amach, seachas brabús a uasmhéadú dá úinéirí nó dá scairshealbhóirí. Saothraíonn sé a chuspóirí trí thrádáil ar bhonn leanúnach trí earraí agus /nó seirbhísí a sholáthar, agus trí bharrachais a athinfheistiú chun cuspóirí sóisialta a bhaint amach. Tá sé á rialú ar bhealach atá go hiomlán cuntasach agus trédhearcach.
I measc na dtacaíochtaí tá oiliúint agus meantóireacht (lena n-áirítear rochtain ar an tsraith oiliúna ar líne GRD), deontais ar scála beag agus deiseanna líonraithe trí Líonra Fiontar Sóisialta na Gaillimhe.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le:

