Scéim na Gaeilge

Céard í Scéim na Gaeilge?

Leagtar amach sa Scéim Teanga na céimeanna atá le glacadh, le himeacht ama, chun a chinntiú go mbeidh seirbhísí Gaeilge nó dátheangacha (Gaeilge agus Béarla) ar fáil. Ullmhaítear an scéim de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Scéim Teanga Forbairt Tuaithe na Gaillimhe

Dheimhnigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Scéim Teanga Forbairt Tuaithe na Gaillimhe agus cuireadh tús léi ar an 30/01/2021. 

Scéim Teanga Forbairt Tuaithe na Gaillimhe (as Gaelige)

Scéim Teanga (i mBéarla)

Aidhm na Scéime

A chinntiú gur féidir le daoine rochtain a fháil ar sheirbhísí i Forbairt Tuaithe na Gaillimhe trí úsáid a bhaint as an nGaeilge.

Seirbhísí atá ar fáil

An fhoireann in oifig Ghaeltachta Forbairt Tuaithe na Gaillimhe i Ros Muc : - Riarthóir Oifige, Oifigeach Forbartha SICAP, Oifigeach Fiontraíochta agus Forbartha SICAP agus Oifigeach Forbartha Pobail SICAP.

Tá suíomh gréasáin Forbairt Tuaithe na Gaillimhe agus rogha meán, leabhráin, bileoga agus foirmeacha SICAP ar fáil i nGaeilge.

Nuair is gá, is féidir seirbhísí agus oiliúint a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Forbairt Tuaithe na Gaillimhe ag tacú le cultúr na hÉireann

Roinnt samplaí de thograí/comhoibriú pobail i gConamara, le tacaíocht ó SICAP, an Ghaeilge, cultúr agus traidisiúin na Gaeilge a chur chun cinn

Tionscadal Cuimsithe Cairdeas Carna do Dhaoine Aosta ag tacú leis an gcultúr agus ag dul i ngleic le haonrú sóisialta tuaithe san Iarthar trí nasc agus eispéireas comhroinnte ar cheol traidisiúnta agus cairdeas

Féile Mhic Dara Ócáid chultúrtha a bhaineann le farraige i gConamara

Féile Chuan na Beirtri Buí Ócáid rásaíochta na mBád Traidisiúnta i gCarna

Tarrthall snámh Cor na Mona Sábháilteacht farraige i gCor na Móna Tionscadal Gaeilge um shábháilteacht uisce don aos óg a chuireann folláine agus sábháilteacht ar muir chun cinn

Comharchumann Cuigeal Cúrsa muirmhíle farraige a thacaíonn le gníomhaíochtaí muirí traidisiúnta atá uathúil do bháid Chonamara

Club Mara Charna Cúrsa scileanna farraige le haghaidh tumoideachas i nGaeilge agus i gCultúr na Gaeilge do dhaoine óga

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le:

Oifig Ionad Fíontair, Ros Muc, Conamara, Co.Na Gaillimhe,

H91 F3FX

Guthán: 091 574858

Ríomhphost: rosmuc@grd.ie